Bíonn lúthchleasaíocht mar chuid lárnach dár ranganna Corpoideachais i gColáiste Naomh Éinne. Glacaimid páirt go rialta i gcomórtais lúthchleasa ar an mórthír, agus bíonn ár scoláirí páirteach i rith tras-tíre chomh maith. Tugann na himeachtaí seo deis iontach do dhaltaí a scileanna a fhorbairt, a gcuid fuinnimh a chaitheamh ar bhealach dearfach, agus cairdeas a chothú le scoileanna eile i gConamara agus níos faide i gcéin.