Tá foireann cispheile Choláiste Naomh Éinne an-bhródúil as an traidisiún atá againn. Gach bliain, bíonn taisteal á dhéanamh againn ón oileán go dtí an mórthír chun páirt a ghlacadh i gcomórtas cispheile scoileanna Chonamara. Bíonn foirne buachaillí agus cailíní againn, agus tugann sé deis iontach dúinn ár scileanna a thaispeáint, cairdeas nua a dhéanamh agus ár scoil a léiriú le bród.