Cinnirí Ranga

Cinnirí Ranga 2025/2026 – Ról agus Freagrachtaí

images.jpeg

  • Is onóir mhór a bheith mar chinnire i gColáiste Naomh Éinne agus roghnaítear daltaí ar an mbonn gur féidir leis an scoil brath orthu agus go mbíonn siad dílis don Ghaeilge agus do luachanna na scoile. Bíonn réimse éagsúil freagrachtaí ag na cinnirí. Is iad seo a leanas na cinnirí a roghnaíodh don scoilbhliain seo:

Rang Cinnire

  • 1 Rang Oileán Dá Bhranóg Éabha Ní Fhlaithearta
  • 2 Rang Oileán na Tuí Pascal Guziuk agus Aidan Mac Donnacha
  • 3 Rang Phort Chonnla Adam Ó Conghaile
  • 4 Rang na Binne Buí Jack Ó Conaill agus Fionnuala Lavery
  • 5 Rang an Ghrióra Diarmuid Ó Dioráin
  • 6 Rang an Oileáin Iarthaigh Cian Ó Duilleáin

Céard é an t-ionadaí ranga?

Is dalta é a roghnaítear chun ionadaíocht a dhéanamh ar a rang agus chun guth na ndaltaí a chur in iúl.

Príomhdhualgais:

  • Ionadaíocht a dhéanamh: Labhraíonn sé/sí ar son an ranga i gcruinnithe le múinteoirí nó le comhairle na ndaltaí.
  • Cumarsáid a éascú: Déanann sé/sí nasc idir daltaí agus foireann na scoile.
  • Imeachtaí a eagrú: Cabhraíonn sé/sí le himeachtaí scoile a phleanáil agus a chur i bhfeidhm.
  • Tacaíocht a thabhairt: Tugann sé/sí tacaíocht do dhaltaí eile nuair is gá.
  • Ceannaireacht a fhorbairt: Foghlaimíonn sé/sí scileanna ceannaireachta, freagrachta agus comhoibrithe.

Croí luachanna na Scoile

Beidh na cinnirí ranga ag tagairt ar ais do na croí luachanna seo ina ról ceannaireachta, agus iad ag cinntiú go léirítear meas, comhionannas, cúram, pobal agus barr feabhais san oideachas ina gcuid gníomhaíochtaí agus cinntí.

  1. Barr Feabhais san Oideachas

Bunaítear trí éiteas scoile an BOO go bhfuil bunluachanna an chúraim, an mheasa, an phobail agus an chomhionannais mar bhonn agus mar thaca faoi bharr feabhais san oideachas. Cuimsíonn Barr Feabhais san Oideachas torthaí, éispéiris agus ionchais do gach ball de phobal na scoile.

  1. Cúram

I scoil BOO, baineann cúram le leas, folláine, agus sábháilteacht gach ball de phobal na scoile. Léirítear é sin trí chaidrimh fhiúntacha, cóngas, agus comhbhá, chomh maith le tacaíocht agus dlúthpháirtíocht.

  1. Comhionannas

I scoil BOO, baineann comhionannas le caitheamh go cothrom le gach ball de phobal na scoile agus éagsúlacht na mball sin a aithint agus a cheiliúradh. Léirítear an méid sin sa tosaíocht a thugtar d’acmhainní ar bhonn riachtanais agus cur chun cinn chultúr an chuimsithe.

  1. Pobal

I scoil BOO, cuimsíonn pobal daltaí, baill foirne, tuismitheoirí/ caomhnóirí agus an pobal áitiúil. Baineann sé le fís, luachanna, cuspóir coiteann, muintearas, agus go n-éistear le gach duine. Léirítear é trí chomhoibriú tairbheach, cúnamh dearfach, agus cumarsáid éifeachtach idir gach ball de phobal na scoile.

  1. Meas

Baineann meas le dínit, cearta, agus aitheantas féiniúlachta agus cúlra gach ball de phobal na scoile a chosaint. Léirítear é sna caidrimh idir gach ball de phobal na scoile, agus sa chinnteoireacht a mbíonn tionchar dearfach aici ar chearta, ar mhothúcháin, agus ar mhianta éagsúlacht na ndaoine laistigh den phobal scoile

No events found
© 2026 Coláiste Naomh Éinne