I gColáiste Naomh Éinne, tá Chromebooks ina n-acmhainn lárnach chun teagasc agus foghlaim a fheabhsú. Tugann siad deis do scoláirí a gcruthaitheacht agus a gcumas criticiúil a chleachtadh, bíodh sé trí obair ghrúpa nó trí thaighde neamhspleách. Ní bhíonn gá a thuilleadh le leabhair mhóra throma, ná le páipéar a chur amú, rud a chuireann go mór le héascaíocht an lae scoile. Úsáidimid MS 365 mar ár bpríomh-ardán digiteach. Ag an am céanna, coinnítear cóipleabhair i ngach rang ionas go bhfanann scileanna litearthachta agus uimhearthachta ag caighdeán ard.
Tá gach Chromebook faoi chúram chórais bainistíochta na scoile, rud a chinntíonn cosaint agus slándáil láidir. Bíonn ar gach scoláire a Chromebook a chlárú leis an múinteoir atá freagrach dóibh, agus tugann sé seo an cumas don mhúinteoir monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht, comhaid a roinnt, agus fiú an gléas a rialú ó chian más gá.
Creidimid go bhfuil ról thar a bheith tábhachtach ag an teicneolaíocht sa lá atá inniu ann, ach ní cheadaímid di an lámh in uachtar a fháil ar an teagasc ná ar an bhfoghlaim.
At Coláiste Naomh Éinne, Chromebooks play a key role in enriching teaching and learning. They give students the chance to think creatively and critically, whether through group collaboration or independent research. Heavy textbooks are no longer necessary, and the waste of paper is also greatly reduced. Our chosen digital platform is MS 365. At the same time, copybooks remain in use across all subjects to ensure literacy and numeracy continue to be developed to the highest standard.
Every Chromebook is linked to the school’s management system, which provides strong layers of protection and security. Each student must be registered with their teacher, allowing the teacher to oversee activity, distribute files, and remotely manage devices when required.
While we see technology as a valuable support for education, it does not replace or overshadow the core role of teaching and learning.