Thug scoláirí na hIdirbhliana faoin turas rothaíochta ó Acaill go Cathair na Mart ar lá fliuch agus gaofar. D’éirigh go hiontach leis an rothaíocht in ainneoin na haimsire crua, agus bhain gach duine taitneamh mór as an turas. Gabhaimid buíochas ó chroí le Múinteoir Noel a d’eagraigh an turas agus le Múinteoir Conal a thug tacaíocht do na scoláirí ar an mbealach.