D’imir foireann cailíní Choláiste Naomh Éinne i gcoinne fhoireann cailíní Choláiste Ghobnait i gcluiche cispheile in Halla Rónáin ar an 22ú Meán Fómhair. Bhí lá den scoth ag gach duine agus ba mhór againn gur tháinig Coláiste Ghobnait trasna chugainn. Gabhaimid buíochas freisin le Múinteoir Fionnuala a d’eagraigh an cluiche agus le Halla Rónáin as a bhfoirgneamh a chur ar fáil dúinn don ócáid.