Ceathrú Ceannais na Connachta: Ádh Mór ar Ár nImreoirí!

Ba mhaith leis an scoil ar fad an t-ádh dearg a ghuí ar Chian, Diarmuid, Eoin agus Tomás atá ag imirt i gCeathrú Ceannais na Connachta inniu.
09-Eanáir-26
Ceathrú Ceannais na Connachta: Ádh Mór ar Ár nImreoirí!

​Ba mhaith leis an scoil ar fad an t-ádh dearg a ghuí ar Chian, Diarmuid, Eoin agus Tomás atá ag imirt i gCeathrú Ceannais na Connachta inniu. Tá siad ag imirt thar ceann na scoile le foireann Choláistí na Gaeltachta i gcoinne St. Nathy’s College. ​Is mór an onóir í seo don cheathrar imreoirí. Tá tiomantas iontach léirithe acu le míonna anuas, iad ag taisteal go Conamara uair sa tseachtain chun traenáil a dhéanamh in éineacht leis na scoileanna Gaeltachta eile. Tá an obair chrua sin go léir ag teacht chun toraidh anois sa chluiche ríthábhachtach seo. ​Ní bheadh an deis seo acu gan an tacaíocht ón Múinteoir Aonghus. Táimid an-bhuíoch as an obair atá á déanamh aige mar roghnóir leis an bhfoireann agus as an treoir atá á thabhairt aige do na buachaillí ar an bpáirc agus as an bpáirc. ​Go n-éirí go geal libh inniu a bhuachaillí! Tá an scoil ar fad taobh thiar daoibh.

No events found
© 2026 Coláiste Naomh Éinne