Ghlac scoláirí ó Bhliain 1, 2 agus 3 buachaillí agus cailíní páirt i mBlitz Peile iontach a reáchtáladh i Ros Muc le déanaí. Bhí an t-atmaisféar iontach ar an lá agus léirigh gach foireann scileanna agus spiorad comhoibriú den scoth.
Gabhaimid buíochas ó chroí le Clár na gCluichí a d’eagraigh an blitz, chomh maith le Coláiste Naomh Eoin, Coláiste na bPiarsach agus Coláiste Cholmcille a tháinig chun páirt a ghlacadh sa chomórtas.
Buíochas speisialta freisin le Aer Árann, a chuir eitiltí breise ar fáil dár n-imreoirí chun filleadh abhaile.
Maith sibh a chách, comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt!