Tá áthas orainn fáilte a chur romhat chuig suíomh gréasáin Choláiste Naomh Éinne, croílár ár bpobail ar Inis Mór. Bunaíodh ár scoil i 1953 agus táimid bródúil as ár bhféiniúlacht mar scoil Ghaeltachta faoi phátrúnacht an Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe & Ros Comáin.
Is iad cúram, meas, pobal, comhionannas agus barr feabhais san oideachas na luachanna a threoraíonn ár gcuid oibre gach lá. Creidimid i dtimpeallacht foghlama atá tacúil, spreagúil agus oscailte do chách. Tá ár ndaltaí tumtha sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach, rud a chuireann le spiorad agus le féiniúlacht uathúil ár scoile.
“Gach iarracht, gach cúnamh, do gach duine”